Fianáin ar shuíomh gréasáin na hUachtaránachta AE

Úsáidimid fianáin chun gur fearr a éireoidh le do chuairt ar ár suíomh.  Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do shocruithe fianán aon uair.

 Ar ais

An Óige agus na hEalaíona


Tá earnáil ealaíne óige na hÉireann éagsúil, nuálach, agus cuimsíonn sí ceol, rince, scannáin, an amharclann, péinteáil, dealbhóireacht agus litríocht. Bíonn daoine óga ar an stáitse ag féilte agus in amharclanna óige, bíonn siad ag scéalaíocht, ag forbairt scileanna scannánaíochta, ag seinm ceoil, ag amhránaíocht, ag damhsa agus ag cruthú saothar ealaíne a bhuann duaiseanna.  Bíonn siad gníomhach, cruthaitheach, agus is mian leo iad féin a chur in bhfriotal.  

Do go leor de pháistí na hÉireann is ar scoil nó trí eagraíochtaí ina gceantar áitiúil a thosaíonn a mbaint leis na healaíona. Nascann ionaid ealaíne ar nós Ark i lár chathair Bhaile Átha Cliath agus Waterford Youth Arts, Phort Láirge in oirdheisceart na hÉireann le scoileanna agus leis an óige ina bpobail féin.  

Múnlaíonn daoine óga a spás cruthaitheach féin agus bíonn siad ag tástáil le foirmeacha ealaíne ó aois scoile ar aghaidh. Cuireann siad brú leanúnach ar na teorainneacha, glacann siad cur chuige comhtháite le healaín a chruthú agus tugann siad dúshlán na n-ealaíon traidisiúnta. Mar shampla, bíonn bunaitheoirí óga an Dublin Laptop Orchestra ag athshainiú chumadh an cheoil le teicneolaíocht nua agus le meascán de thraidisiúin cheol tíre agus hceol comhaimseartha.

Tá daoine óga in Éirinn ag úsáid a mbuanna cruthaitheacha ina ról mar an chéad ghlúin eile de tháirgeoirí, lucht féachana, taibheoirí, léirmheastóirí agus lucht eagraithe na n-ealaíon. Imeachtaí ar nós Fresh Film festival i mí Mhárta agus Irish Youth Dance Festival sa samhradh, tugann siad ardán do dhaoine óga cruthaitheacha chun a gcuid saothar a chur ar taispeáint.  

Back to top IE