Fianáin ar shuíomh gréasáin na hUachtaránachta AE

Úsáidimid fianáin chun gur fearr a éireoidh le do chuairt ar ár suíomh.  Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do shocruithe fianán aon uair.

 Ar ais

Damhsa in Éirinn


An Damhsa agus Éire: Rithim agus Dóchas

Damhsa Gaelach

Tá traidisiún rince láidir ag Éirinn: ní haon chomhtharlú gurb é Riverdance ceann de na honnmhairithe Éireannacha is mó cáil. Ar dtús, cumadh mar ghníomh eatraimh Chomórtas Amhránaíochta Eoraifíse 1994 i mBaile Átha Cliath é, ach chuaigh Riverdance i gcion ar dhaoine agus fuair moladh ar fud an domhain, ní hamháin do na príomhrinceoirí Michael Flatley agus Jean Butler, ach do dhamhsa traidisiúnta na hÉireann i gcoitinne. Chonaic breis is 23 milliún duine i 45 tír éagsúil Riverdance beo. 

Chuir Riverdance damhsa traidisiúnta na hÉireann i mbéal an phobail go hidirnáisiúnta, ach tá  stair na gcéadta bliain aige, agus tá sé mar chuid lárnach de chultúr na hÉireann. Bíonn dhá fhoirm ag an rince Gaelach traidisiúnta: rince aonair (an cineál a bhíonn le feiceáil de ghnáth i gcomórtais) agus damhsa sóisialta, ar a dtugtar céilí, mar a mbíonn grúpaí ó 2 go 16 duine ag rince i mbeirteanna le ceol traidisiúnta na hÉireann.

Damhsa Comhaimseartha

Tá stair rince na hÉireann saibhir, éagsúil, agus freisin cuimsíonn bailé agus go leor seánraí comhaimseartha. Tá Bailé Éireann ina cheannródaí ar an bhfoirm ealaíne seo in Éirinn faoi láthair agus bíonn turais réigiúnacha go minic. Is i mBaile Átha Cliath is mó atá an damhsa comhaimseartha ach tá cuideachtaí beaga ag feidhmiú ar fud na tíre. Tá an rince leabaithe sna pobail áitiúla agus bíonn tóir ag daoine óga na hÉireann ar an rince, idir thraidisiúnta agus chomhaimseartha, mar chaitheamh aimsire. Bíonn lucht Féachana rialta seónna rince a eagraíonn  cuideachtaí áitiúla na tíre in ionaid ealaíon agus in amharclanna.

Córagrafaithe Éireannacha

Tá líon córagrafaithe bunaithe, a fhaigheann moladh idirnáisiúnta ag Éirinn, ina measc  Michael Keegan Dolan le Fabulous Beast’s, John Scott, Liz Roche agus David Bolger.  Cruthaíonn gach duine acu oibreacha rince sainiúla, suntasacha, a mheallann lucht féachana atá ag fás, agus téann siad ar thurais leo.

Imeachtaí Rince na hUachtaránachta

Beidh go leor de na healaíontóirí rince seo a chuirfidh a gcuid oibre i láthair le linn Uachtaránacht AE na hÉireann sa bhaile agus thar lear, i réimse imeachtaí. Agus comhdháil an IETM (International Network for Contemporary Performing Arts) 2013 ar siúl i mBaile Átha Cliath i mí Aibreáin agus Féile Rince Bhaile Átha Cliath i mBealtaine,geallaimid féilire lán le rince.   

Back to top IE