Fianáin ar shuíomh gréasáin na hUachtaránachta AE

Úsáidimid fianáin chun gur fearr a éireoidh le do chuairt ar ár suíomh.  Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do shocruithe fianán aon uair.

 Ar ais

Eolaíocht agus Nuáil


Tá bród ar Éirinn an lae inniu as a cumas nuála, le taighde a chothú, agus le  bheith ar thús cadhnaíochta sa teicneolaíocht.

Ní rud nua é seo. D'fhág eolaithe agus innealtóirí Éireannacha a rian ar an domhan trí na haoiseanna. Gheobhaidh tú sa réalteolaíocht ársa iad agus sa ghéineolaíocht nua-aimseartha. Gheobhaidh tú iad ag tomhas fórsa na gaoithe sna 1800í, ag scoilteadh an adaimh sna 1930í, agus ag déanamh Viagra agus Botox sa lá atá inniu ann.

Bhí Éire mar óstach ar roinnt de nóiméid "Eureka"na staire. I 1843, nuair a bhuail smaoineamh nua é go tobann is é ag siúl chuig an obair, d'úsáid an matamaiticeoir Éireannach Sir William Hamilton a scian phóca le huimhir cheithrethoiseach de chineál nua a bhreacadh ar bhalla, nóiméad a fheictear anois mar bhreith an ailgéabair nua-aimseartha. I 1943 thug Erwin Shcrodinger sraith léachtaí poiblí i mBaile Átha Cliath a bhí mar bhunús leis an leabhar cáiliúil "Cad is Beatha ann?". Seo scrúdú ar an bhfisic agus ar an gceimic atá mar bhonn le horgánaigh bheo, bhí ina inspioráid do cheannródaithe na bitheolaíochta móilíní.

Tabharfaidh Little Book of Irish Science spléachadh duit orthu sin agus ar éachtaí eile eolaíochta eile in Éirinn.

Back to top IE