Fianáin ar shuíomh gréasáin na hUachtaránachta AE

Úsáidimid fianáin chun gur fearr a éireoidh le do chuairt ar ár suíomh.  Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do shocruithe fianán aon uair.

 Ar ais

Litríocht na hÉireann


James JoyceTá ealaín na scéalaíochta de dhlúth agus d’inneach i gcultúr na hÉireann leis na mílte bliain. Ó fhilíocht na mbard gairmiúil agus luathscríobhaithe na Gaeilge (baird agus seanchaithe) go scríbhneoirí an lae inniu, tá Éire tar éis cur go mór le litríocht an domhain. Tá stair na tíre breac le húdair a bhfuil cáil dhomhanda acu, daoine a scríobh as Gaeilge, Béarla agus Fraincis, lena n-áirítear buaiteoirí Dhuais Nobel WB Yeats, Seamus Heaney, George Bernard Shaw agus Samuel Beckett.

Ainmníodh Baile Átha Cliath mar Chathair Litríochta UNESCO in 2010, ‌ach is Unescofada éileamh aici ar an teideal. I mBaile Átha Cliath siúlann tú sráideanna Phádraig Mhic Piarais, James Joyce, Oscar Wilde agus Patrick Kavanagh, Breandán Ó Beacháin, Liam Ó Rinn, Liam S. Gógan,  i measc go leor eile.

Tá an litríocht de dhlúth is d’inneach na cathrach - gearrscéalta iontu féin is ea a cuid amhráin sráide agus bailéid, fiú. Tá guth na cathrach sa phrós agus i ndialóg na glúine d’úrscéalaithe agus drámadóirí amhail Sean O'Casey, Flann O'Brien/Ciarán Ó Nualláin, Conor McPherson, Brendan Behan, Roddy Doyle, Maeve Binchy, Sebastian Barry, John Banville, Marian Keyes, Máire Mhac an tSaoi, Biddy Jenkinson agus go leor eile.  Is iomaí seánraí liteartha a chleacht údair na hÉireann, ó aoir Aogáin Uí Rathaile agus Jonathan Swift go fantaisíocht ghotach Bram Stoker, údar Dracula, agus gearrscéalta cathrach Mháirtín Uí Chadhain.  

 

Is é Baile Átha Cliath an suíomh don iliomad leabhar le scríbhneoirí Éireannacha agus idirnáisiúnta, b'fhéidir an ceann is cáiliúla, sin Ulysses agus Dubliners le Joyce. Fíor-chathair na bhfocal is ea Baile Átha Cliath, focail a mhúnlaíonn agus a chothaíonn an tsamhlaíocht liteartha agus, mar a dúirt an scríbhneoir  Dermot Bolger 'beidh aon siúlóid tríd an gcathair le caitheamh i gcuideachta na dtaibhsí liteartha'. Macalla den dán cáiliúil Na Coisithe, le Liam S. Gógan, ansin.  

Bheoigh scríbhinní fhilí agus údair na hÉireann bailte agus cathracha eile na tíre.  Léiríonn amhráin áille mar Bhánchnoic Éireann Ó, le Donncha Rua Mac Conmara, Gleanntáin Ghlas’ Ghaoth Dobhair,  le Proinsias Ó Maonaigh, nó Pé in Éirinn í le Liam Dall Ó hIfearnáin grá na nGael dá n-áit dhúchais agus an cumha a thagadh orthu dá mbeadh orthu an áit sin a fhágáil le dul ar deoraíocht.   

Go dtí an lá atá inniu ann, tá scríbhneoirí comhaimseartha na hÉireann ag saothrú clú i bhficsean phobail, scríobh faoi choireacht agus a scríobh do leanaí. Is iomaí duais liteartha a bhuaigh críbhneoirí Éireannacha, lena n-áirítear buaiteoirí le déanaí agus iontrálacha ar an ngearrliosta do Ghradam Man Booker agus ar Dhuais Liteartha Idirnáisiúnta mór le rá IMPAC – arb ionann an duais  € 100,000 aige agus an duais liteartha is mó le haghaidh saothair aonair ficsin.

Tá stair shaibhir litríocht na hÉireann le léamh i logainmneacha fileata na tíre, a bhfuil a bhformhór mór bunaithe ar an nGaeilge.  I mBaile Átha Cliath, tarraingíonn Leabhar Cheanannais Leabharlann Chester Beatty agus Músaem Scríbhneoirí Bhaile Átha Cliath  litríocht isteach i dtírdhreach fírinneach na cathrach. In áiteanna eile tá lucht leanúna láidir, dílis ag Féile Litríochta Idirnáisiúnta na Cúirte i nGaillimh, ag Seachtain Scríbhneoirí Lios Tuathail, agus ag Oireachtas na Gaeilge, príomhfhéile na litríochta as Gaeilge.  

Back to top IE