Fianáin ar shuíomh gréasáin na hUachtaránachta AE

Úsáidimid fianáin chun gur fearr a éireoidh le do chuairt ar ár suíomh.  Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do shocruithe fianán aon uair.

 Ar ais

Scannáin na hÉireann


Tá stair shuntasach scannánaíochta ag Éirinn. Tá  cáil idirnáisiúnta ar stiúrthóirí amhail Jim Sheridan agus Neil Jordan, agus d’éirigh thar barr le haisteoirí Éireannacha i dtionscal idirnáisiúnta na scannán, lena n-áirítear Pierce Brosnan, Brenda Fricker, Liam Neeson, agus Gabriel Byrne. Suímh sciamhacha a mheall léiriúcháin ar scannáin iasachta ar nós Braveheart agus Saving Private Ryan. Tá Éire ina háit inar féidir le tallann dúchasach scannánaíochta bláthú i meán siamsaíochta domhanda. Mhúnlaigh an iliomad scannán ar shaol agus ar thírdhreacha  na hÉireann, idir 'shárléiriúcháin' Mheiriceá  agus
scannáin áitiúla, íseal-bhuiséid, íomhá na hÉireann agus na nGael. 

Luathscannánaíocht

lad from old IrelandSa bhliain 1909 osclaíodh céad phictiúrlann na hÉireann i mBaile Átha Cliath, an t-údar James Joyce a
bhí taobh thiar de. Ba é The Lad from Old Ireland (1910), scéal faoi imirceach ó Éirinn, an chéad
scannán Meiriceánach a táirgeadh ar shuíomh lasmuigh de SAM. Ceann de na scannáin thostacha is
suntasaí adh ó Éirinn, Irish Destiny (1926), leanann sé  gníomhaíochtaí, agus grá scéal, óglaigh san
IRA le linn an chogadh na saoirse.  Is minic a úsáideach an meascán sin de pholaitíocht, paisean agus
radharcanna sciamhacha i scannáin eile ina dhiaidh sin.

 

 

Scannáin as Gaeilge

Bhí an-tóir ar scannáin a rinne Gael Linn ó 1956 ar aghaidh faoi Chogadh na Saoirse, Mise Éire, An Tine Bheo agus Saoirse?  Tharraing an scannán Caoineadh Airt Uí Laoghaire, le Bob Quinn, go leor iomrá, mar a tharraing Poitín, Budawanny, leis an léiritheoir céanna.  Insíonn an scannán greannmhar Yu Ming is Ainm Dom scéal faoi Shíneach óg a d’fhoghlaim Gaeilge chun teacht ar imirce go hÉirinn. Rinneadh scannánú ar úrscéal cáiliúil Mháirtín Uí Chadhain, Cré na Cille; agus tráchtann an scannán Kings ar shaol na nÉireannach ar imirce i Londain.  Tá méadú suintasach ar líon na scannán as Gaeilge le blianta beaga anuas, go háirithe ó bunaíodh TG4 i 1996, agus taispeántar sraitheanna teilifíse agus sobaldrámaí go rialta, mar shampla, The Running-Mate, Rásaí na Gaillimhe, Ros na Rún.  


Léiriúcháin Iasachta in Éirinn: Éire mar Shuíomh agus mar Ábhar In the name of the father

B'fhéidir gurb é an scannán Éireannach is cáiliúla a rinne stiúrthóir coigríche,  The Quiet Man (1952) le John Ford , scéal grá idir cailín Éireannach agus Gael-Mheiriceánach (John Wayne) a tháinig ar ais. Cé go bhfeictear an scannán go minic mar fhoinse steiréitíopaí 'Oirish', tá tóir air fós sa lá atá inniu ann. I measc scannáin cáiliúla eile a rinneadh in Éirinn tá Ryan’s Daughter (1970), agus níos déanaí Braveheart agus Saving Private Ryan.

Is iomaí scannán faoi Éirinn a dhírigh ar stair agus ar pholaitíocht (Michael Collins, In the Name of the Father, Bloody Sunday). Ach tá traidisiún láidir freisin de scannáin ina léirítear saol an laethúil in Éirinn: The Commitments agus The Snapper (bunaithe ar úrscéalta le Roddy Doyle), Angela’s Ashes, Once (a bhuaigh Oscar 2007 as an mBunamhrán ab Fhearr).

Stiúrthóirí Éireannacha suntasacha

Crying game Tá rath tráchtála agus criticiúil mór ó líon réasúnta beag scannán bainte amach ag  Jim Sheridan.  Tá a chuid scannán Éireannach go hinaitheanta in ábhar agus tarraingteach do lucht féachana níos leithne freisin. Bhuaigh a chéad scannán, My Left Foot (1989), Oscar le haghaidh na n-aisteoirí Daniel Day Lewis agus Brenda Fricker.  Rinne Neil Jordan breis is 15 scannán, lena n-áirítear an t-oiriúnú liteartha The End of the Affair, an eipic stairiúil Michael Collins, an rath tráchtála neamhchoinbhinsiúil The Crying Game, agus an scannán uafáis mór-bhuiséid Hollywood Interview with a Vampire.  

Tá grúpa stiúrthóirí óga ag tarraingt clú idirnáisiúnta freisin, ina measc Paddy Breathnach (Man About Dog), Kirsten Sheridan, (In America), Michael McDonagh (The Guard), agus Martin McDonagh (In Bruges).

Aisteoirí Éireannacha suntasacha

Is liosta le háireamh líon na n-aisteoirí suntasacha Éireannacha a bhain amach cáil idirnáisiúnta, lena n-áirítear Richard Harris agus Michael Gambon (an bheirt aisteoir a léirigh Dumbledore i scannáin Harry Potter), Brenda Fricker, Pierce Brosnan, Saoirse Ronan, Gabriel Byrne, Liam Neeson, Colin Farrell , O'Dowd Cillian Murphy agus Chris O’Dowd.

Guard     In bruge     Saoirse ronan

‌‌‌(All images courtesy of the Irish Film Institute)

Back to top IE