Fianáin ar shuíomh gréasáin na hUachtaránachta AE

Úsáidimid fianáin chun gur fearr a éireoidh le do chuairt ar ár suíomh.  Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do shocruithe fianán aon uair.

 Ar ais

Spórt in Éirinn


Spórt in Éirinn

Náisiún de lucht leanúna spóirt agus lúthchleasaithe is ea Éire, ar na leibhéil amaitéaracha agus gairmiúla araon, idir spóirt foirne ar nós peilem iománaíocht, rugbaí agus lúthchleasaíocht, seoltóireacht, marcaíocht ar chapaill agus rothaíocht.  I measc réaltaí cáiliúla spóirt na hÉireann áirítear curadh dornálaíocha domhanda, a bhuaigh bonn óir Oilimpeach, Katie Taylor; an réalta gailf Rory McIlroy, captaen rugbaí na hÉireann Brian O'Driscoll, an dornálaí Michael Carruth,  a bhuaigh bonn óir Oilimpeach,  curadh Tour de France Stephen Roche agus an sár-reathaí Sonia O 'Sullivan.

Spórt Traidisiúnta  na hÉireann

Iománaíocht, peil Ghaelach agus camógaíocht, sin iad spóirt thraidisiúnta na hÉireann agus is mór an tóir atá orthu i measc an phobai.  An Cumann Lúthchleas Gael (CLG) a bhainistíonn na cluichí. Bunaíodh CLG i 1884 leis na spóirt náisiúnta a chur chun cinn agus a fhorbairt.  Ar leibhéal amaitéarach a imrítear iománaíocht, camógaíocht agus peil Ghaelach, .i. ní íoctar na himreoirí.


I ngach ceann de na trí spórt tá iomaíocht an-ghéar idir chontaetha, le cluichí ceannais Chraobh na hÉireann ar siúl i bPáirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath, san iománaíocht, sa chamógaíocht agus sa pheil gach bliain i mí Mheán Fómhair. Is iad na cluichí ceannais buaicphointe na bliana spóirt in Éirinn; bhí beagnach 1.5 milliún duine ag faire ar chraobh peile na hÉireann 2012 ar an teilifís.


Iománaíocht, sin spórt le bata-agus-liathróid agus creidtear í a bheith ar an chluiche páirce is sine ar domhan. Is ionann camógaíocht agus iománaíocht ach gur mná a imríonn í. Foirne de 15 imreoir a bhíonn ag aimirt le maide fada adhmaid fuinseoige a dtugtar camán air, agus liathróid leathair, ar a dtugtar sliotar. Chun scóráil, cuireann imreoirí an liathróid thar an trasnán chun cúilín a fháil, nó isteach i sprioc chun cúl (trí chúilín) a fháil. 

Football


Peil Ghaelach cosúil le peil Rialacha na hAstráile (deirtear gur ón bpeil Ghaelach a shíolraigh an cluiche Astrálach) sa mhéid is go dtig le himreoirí an liathróid a chiceáil, a phreab, é a bhreith leo  roinnt céimeanna agus í a chur ó lámh go lámh a chéile. Peil chruinn a úsáidtear sa spórt seo, í níos lú ná liathróid sacair, agus déanta as leathar. Bíonn 15 imreoir ar gach foireann agus déantar scóráil go díreach mar an iomáint. 

 

 

Sacar

An Football Association of Ireland (FAI) a eagraíonn sacar in Éirinn, ó aois leanaí go dtí an leibhéal sinsearach, ar leibhéal náisiúnta.  Bíonn 19 bhfoireann shinsearacha ag imirt sa tSraith Náisiúnta Peile ar a dtugtar Sraith na hÉireann agus i Sraith leagain amach ar a dtugtar Corn an FAI. Is iomaí imreoir Éireannach a imríonn do chlubanna na Breataine freisin. Cháiligh an fhoireann Éireannach idirnáisiúnta, a imríonn mar Phoblacht na hÉireann, do Chorn an Domhain trí huaire (1990, 1994, 2002) agus do Chraobhchomórtais na hEorpa faoi dhó (1988, 2012). Ar chuid d’imreoirí cáiliúla na hÉireann tá Roy Keane, Paul McGrath, Liam Brady agus Johnny Giles.

 

Rugbaí

Imrítear rugbaí in Éirinn, le comórtais eagraithe ar bhonn réigiúnach sna ceithre chúige – Cúige Laighean, Cúige Mumhan, Cúige Chonnacht agus Cúige Uladh. Tá foireann ghairmiúil rugbaí ag gach ceann de na ceithre chúige freisin, a imríonn sa léig baile agus i gcraobh na hEorpa (Corn Heineken).

Ag an leibhéal idirnáisiúnta, an Irish Rugby Football Union (IRFU) a eagraíonn an spórt.  Bíonn Éire san ioaíocht i gcraobh idirnáisiúnta bhliantúil na Sé Náisiún gach bliain agus i gComórtas Chorn an Domhain gach ceithre bliana.  Shroich siad an chéim Ceathrú Ceannais i gCorn an Domhain 2011. Sa bhliain 2009, bhuaigh foireann rugbaí na hÉireann Craobh na 6 Náisiún, an Choróin Thriarach agus na trí chraobh. I measc sárimreoirí rugbaí na hÉireann tá Brian O'Driscoll,  Keith Wood, Willie John McBride agus Mike Gibson a bheidh i Halla na Laochra Rugbaí Idirnáisiúnta. 

 

Horse racing Eachaíocht

Spóirt eachaíochta - léim seó agus rásaíocht capall - tá tóir orthu in Éirinn agus tá lucht leanúna mór acu.  Bíonn féilte rásaíochta capall ar siúl ar fud na tíre gach bliain, agus an ceann is cáiliúla, sin Rásaí na Gaillimhe (Galway Races), a tionóltar ar feadh seacht lá i mí Iúil. Tionscal tábhachtach in Éirinn is ea pórú capall freisin, agus tá tionscal stoc folaíochta na hÉireann ar na cinne is fearr sa domhan. In 2011, díoladh capaill a rugadh in Éirinn chuig 35 tír ar luach iomlán € 156,5 milliún ag ceantanna poiblí. 


‌Galf

Golf

Tá os cionn 400 cúrsa gailf den scoth ar fud na tíre. Tionóladh cupán Ryder in Éirinn i 2006, agus chabhraigh sárghalfairí mar Pádraig Harrington, Darren Clarke agus Paul McGinley le foireann na hEorpa an bua a fháil ar na Stáit Aontaithe. Níos déanaí bhuaigh Harrington trí go mór trí huaire, Craobhchomórtas na Breataine i mí Iúil 2007 agus sa bhliain 2008, agus an PGA US in 2008. Bhuaigh galfaire eile Éireannach, Shane Lowry,  Máistir na Portaingéile i nDeireadh Fómhair 2012.

Blianta iontacha do ghalfairí ó Thuaisceart Éireann ab ea 2010 agus 2011  : Graeme McDowell, Rory McIlroy agus Darren Clarke a bhuaigh trí chomórtas mhóra - Máistrí SAM 2010, Craobhchomórtas na Stát Aontaithe 2011 agus an Craobhchomórtas na Breataine 2011.

D’ óstáil  Éire Corn Solheim, an comórtas débhliantúil do ghalfairí mná gairmiúla i gCaisleán an Chillín, Contae na Mí, i Meán Fómhair 2011. 

 

Oilimpeacha agus Cluichí Para-Oilimpeacha


Ag Cluichí Oilimpeacha Londan 2012 bhuaigh Éire cúig bhonn, agus shroich ionad a 41 ar thábla na mbonn. I measc na mbonn a bhuaigh foireann Oilimpeach na hÉireann bhí ceithre bhonn le haghaidh dornálaíochta, lena n-áirítear bonn óir do Katie Taylor, agus bonn cré-umha don léimneoir taispeántais Cian O'Connor.

Tháinig foireann Phara-Oilimpeach na hÉireann ar ais abhaile ó Londain le 16 bhonn, 8 gcinn óir ina measc. Choimeád an rábálaí Jason Smyth agus an reathaí lár-achair Michael McKillop dteidil dhomhanda agus a mboinn óir Phara-Oilimpeacha.


Tá traidisiún óstála imeachtaí spóirt ardghradaim ag Éirinn agus d’óstáil sí na Cluichí Oilimpeacha Speisialta i mí an Mheithimh 2003. Ba é sin an t-imeacht spóirt is mó riamh a bhí ar siúl in Éirinn le breis is 7,000 lúthchleasaí as 160 tír ag teacht go hÉirinn chun páirt a ghlacadh san imeacht uathúil spóirt sin. 

Back to top IE