Fianáin ar shuíomh gréasáin na hUachtaránachta AE

Úsáidimid fianáin chun gur fearr a éireoidh le do chuairt ar ár suíomh.  Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do shocruithe fianán aon uair.

 Ar ais

Tuaisceart Éireann


Is síochánta, is rathúla agus is cobhsaí i bhfad an tsochaí i dTuaisceart Éireann inniu, a bhuí le hiarrachtaí gan sos ó na 1980í anall. Tá Rialtas na hÉireann ag obair i gcomhar le Rialtas na Breataine agus le páirtithe polaitiúla Thuaisceart Éireann le breis is tríocha bliain chun an t-athrú sin a thabhairt i gcrích: tá an obair sin ar siúl fós.

Stair

Leis an gConradh Angla-Éireannach i 1921 bunaíodh Saorstát Éireann ina raibh 26 contae agus Tuaisceart Éireann ina raibh sé chontae. Bhí dhá phobal ar leith i dTuaisceart Éireann:  iadsan a bhí i bhfách le haontacht leis an Ríocht Aontaithe (Aontachtaithe) agus iadsan a bhí i bhfách le haontacht le Poblacht na hÉireann (Náisiúnaithe). 

Ó 1921 go 1972 bhí a rialtas cineachta féin ag Tuaisceart Éireann (deighilte ó Westminster), faoi smacht an tromlaigh Aontachtaigh. Thug sé sin idirdhealú i gcoinne Náisiúnaithe i réimsí amhail vótáil, tithíocht agus fostaíocht.    

I 1969, bhí frithghníomh smachtúil i gcoinne feachtasóirí Náisiúnacha do chearta sibhialta a thug corraíl shibhialta.  D'iarr Rialtas Thuaisceart Éireann go n-imscarfaí Arm na Breataine agus tháinig athbheochan ar eagrais pharaimhíleata:  Arm Poblachtach na hÉireann (IRA) ar thaobh na Náisiúnach, agus grúpaí paraimíleata Dílseoirí ar thaobh na nAontachtach.  Ansin bhí tréimhse leanúnach coinbhleachta, ar a dtugtar na Tríoblóidí i mbéal an phobail.

 

An Comhaontú Angla-Éireannach

Ag tús na 1980í thosaigh Rialtais na hÉireann agus na Breataine ag obair níos dlúithe le chéile le réiteach polaitiúil a bhaint amach a bheadh inghlactha ag an bpobal ar fad.  Shínigh an dá rialtas an Comhaontú Angla-Éireannach i Samhain  1985, rud a chuir ar chumas Rialtas na hÉireann tuairimí agus moltaí a chur ar aghaidh maidir le gnóthaí a bhain le Tuaisceart Éireann.  Chuir sé struchtúir ar bun fosta le cuidiú leis an dá rialtas teacht ar réiteach buan ar an gcoinbhleacht. 

1993 - 1998

I 1993 d'eisigh an dá rialtas Comhdhearbhú (link to http://www.dfa.ie/home/index.aspx?id=8734) a leag amach cairt do shíocháin agus athmhuintearas in Éirinn, agus a thug slí isteach sa phróiseas polaitiúil do dhaoine a raibh baint acu le foréigean paraimíleata.  D'fhógair an IRA agus na Dílseoirí paraimíleata sos ina gcuid gníomhaíochtaí i 1994. I 1996, thug comhlacht idirnáisiúnta faoi chathaoirleacht an tSeanadóra SAM George Mitchell measúnú neamhspleách ar dhíchoimisiúnú na n-arm paraimíleata. 

Thosaigh cainteanna ilpháirtí i 1996, faoi chathaoirleacht an tSeanadóra Mitchell agus baint ag an dá rialtas agus ag na páirtithe tofa uile i dTuaisceart Éireann leo.  Sa deireadh thug na cainteanna sin Comhaontú Aoine an Chéasta, a aontaíodh an 10 Aibreán 1998.

 

Comhaontú Aoine an Chéasta

Northern Ireland text

Thacaigh muintir na hÉireann, Thuaidh agus Theas le Comhaontú Aoine an Chéasta i reifrinn i mBealtaine 1998. D'fhoráil an Comhaontú go mbunófaí trí struchtúr:   

  • Tionól agus Feidhmeannas Thuaisceart Éireann, rud a chuir ar chumas na bpáirtithe tofa cumhacht a roinnt.  I Stormont, láimh le Béal Feirste, atá an Tionól. 

Tacaíocht Idirnáisiúnta do Phróiseas na Síochána

‌Thairbhigh próiseas na síochána i dTuaisceart Éireann as tacaíocht an phobail idirnáisiúnta, lena n-áirítear comhpháirtithe an AE, na Stáit Aontaithe, agus daoine eile. Thug an AE  tacaíocht pholaitiúil do phróiseas na síochána. Thug sé tacaíocht nithiúil freisin chun an geilleagar a athghiniúint don agus athmhuintearas trasphobail, tríd an gCiste Idirnáisiúnta d'Éirinn agus Cláir an AE um Shíocháin agus Athmhuintearas i dTuaisceart Éireann.

Tuaisceart Éireann sa lá atá inniu ann

Norther Ireland text


 

Tá Tuaisceart Éireann sa lá atá inniu ann faoi thionchar an chúlaithe eacnamaíochta domhanda, ach mar sin féin leanann a theacht chun cinn tar éis bhlianta na trioblóide. Tá tionscail nua á gcruthú, cathracha á n-athbheochan, agus líon na dturasóirí ag méadú, go háirithe le nithe nua is díol spéise amhail an Ceathrú Titanic i mBéal Feirste.

Tá iarrachtaí leanúnacha na bpolaiteoirí ó Thuaisceart Éireann, ón mBreatain agus ón gcuid eile d'Éirinn ag dul i bhfeidhm.  Agus mar thoradh air sin is croíúla agus is dlúithe an caidreamh idir an Bhreatain agus Éirinn ná riamh, rud a léiríodh agus an tUachtarán Mhic Ghiolla Íosa ina hóstach ar Cuairt Stáit rathúil ar Éirinn ón Bhanríon in 2011.

Back to top IE