Fianáin ar shuíomh gréasáin na hUachtaránachta AE

Úsáidimid fianáin chun gur fearr a éireoidh le do chuairt ar ár suíomh.  Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do shocruithe fianán aon uair.

 Ar ais

10 rud nárbh eol duit faoi Bhaile Átha Cliath


Dublin

  1. Tháinig an t-ainm “Dublin” ó "Dubh Linn," a chiallaíonn "Linn Dhubh." Áitreabh eile níos sia siar, mar a raibh áth déanta de chliatha adhmaid, a thug an t-ainm Gaeilge,  Baile Átha Cliath, dúinn.
  2. Ainmmíodh ceantar Bharra an Teampaill as Sir William Temple, a bhí ina chónaí ann sa 17ú haois. In ainneoin na cáile atá inniu air, níl aon bhaint ag an ainm le hól:  "bar", sin  focal Angla-Shacsanach ar theach geata.
  3.  Is í Páirc an Fhionnuisce an pháirc uirbeach is mó san Eoraip. Na lampaí sráide atá sa phríomhascaill, Ascaill Chesterfield, úsáid siad gás fós. 
  4.  Is é Droichead Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath an t-aon droichead san Eoraip arb ionannn fad agus leithead dó. 
  5. Tá 53% de dhaonra Bhaile Átha Cliath faoi 35 bliana d'aois.
  6. Tá os cionn 1,000 teach tábhairne i mBaile Átha Cliath. Deirtear gurb é an Brazen Head an ceann is sine: Tá teach tábhairne ansin ón mbliain 1168 i leith.
  7. Tá léas 9,000 bliain ag bunghrúdlann Guinness i mBaile Átha Cliath, ar IÉ£45 in aghaidh na bliana. Rachaidh sé in éag, mar aon leis na cearta uisce, in 10759.
  8. Na daoine a mbronntar Saoirse Chathair Bhaile Átha Cliath orthu (lena n-áirítear Bono ó U2), tugtar an ceart dóibh caoirigh a chur ag iníor i bhFaiche Stiabhna, an pháirc atá i lár na cathrach.
  9. Is i mBaile Átha Cliath a rugadh Bram Stoker, údar Dracula.  Táid ann a chreideann gur ó na focail "Droch-fhola" sa Ghaeilge a thagann Dracula, cé go gciallaíonn dracul “an diabhal” as Rómáinis. 
  10. Tá iarsmaí Naomh Vailintín, naomhphátrún an ghrá, le fáil ag scrín san Eaglais Chairmilíteach. Sráid na mBráithre Bána.

Back to top IE