Fianáin ar shuíomh gréasáin na hUachtaránachta AE

Úsáidimid fianáin chun gur fearr a éireoidh le do chuairt ar ár suíomh.  Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do shocruithe fianán aon uair.

 Ar ais

Cion na hÉireann don AE


Cion na hÉireann don AE

Chuidigh Éire agus a cuid saoránach le hAontas Eorpach nua-aimseartha  an lae inniu a mhúnlú, agus a chur chuige maidir le réimsí lárnacha amhail talmhaíocht, oideachas, sláinte, dlí iomaíochta, iompar, taighde agus nuáil.  

Agus cónaí orainn ar oileán ar imeall na hEorpa, is fada sinne Éireannaigh ag taisteal agus ag trádáil lenár gcomhpháirtithe coigríche. Cuid den DNA Éireannach is ea an tsoghluaisteacht agus tá sé ag croílár an tionscadail Eorpaigh.

Oidhreacht Uachtaránachtaí AE na hÉireann roimhe seo

Tarlaíonn Uachtaránacht an AE in 2013 agus 40 bliain slán ó chuaigh Éire isteach san AE. Bhí an Uachtaránacht ag Éirinn sé huaire roimhe seo, lena n-áirítear amanna stairiúla i stair an AE a bhfuil an-tábhacht leo go fóill:

 

  • 1975: céad chruinniú na Comhairle Eorpaí óstáil i mBaile Átha Cliath i mí an Mhárta, agus bunú Chiste Forbraíochta Réigiúnach na hEorpa (CFRE), a ceapadh chun an bhearna forbartha idir réigiúin éagsúla na hEorpa a laghdú
  • 1979: an chéad Uachtaránacht chun déileáil le Parlaimint na hEorpa a toghadh go díreach, caidreamh dlúth idir Éirinn agus an PE a chruthú, a mhaireann fós
  • 1984: Comhaontú chun na hionstraimí EMS agus ECU a neartú roimh aontas airgeadaíochta;  comhaontú tráchtála agus comhoibrithe leis an tSín
  • 1990: cur chuige coiteann ar athaontú na Gearmáine agus ar an gcaidreamh le tíortha lár agus oirthear na hEorpa;
  • 1996: dul chun cinn suntasach i dtreo airgeadra aonair a thabhairt isteach: Dearbhú Bhaile Átha Cliath maidir le Fostaíocht;
  • 2004: an "Lá na bhFáiltí" i mBaile Átha Cliath, a mharcáil an méadú is mó riamh san Aontais, le haontachas deich mBallstát nua

2004 family photo 

Uachtaránacht AE na hÉireann 2004, "Grianghraf Teaghlaigh" na gCeannmairí, Teach Farmleigh, Lá na bhFáiltí, 1 Bealtaine 2004

Faigh breis eolais faoi Uachtaránachtaí na hÉireann roimhe seo.

Le linn a seachtú hUachtaránacht beidh Éire ag iarraidh arís clár oibre dearfach AE a thiomáint ar aghaidh, in amanna dúshlánacha. I Meán Fómhair 2012 dúirt Viviane Reding, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, le Coiste an Oireachtais um Ghnóthaí AE go "mbeidh 2013 ar an bhliain ina ndéanfaidh Éire tógáil ar an Eoraip agus, tríd sin, go gcinnteoidh sí a todhchaí féin."

Saoránaigh Éireannacha atá ag obair san AE

Is mór a chabhraigh muintir na hÉireann leis an AE agus a institiúidí a thógáil , agus leanann siad orthu le ról tábhachtach i bhforbairt agus i mbainistiú an AE.

 

Mar shampla, go dtí seo ní raibh ach cúigear Ard-Rúnaí ag an gCoimisiún Eorpach – Éireannaigh ab ea beirt acu. Ó 2005 tá Catherine Day ina hArd-Rúnaí fad is bhí an post sin ag David O'Sullivan roimpi, 2000-2005.
Is é David O'Sullivan  Príomhoifigeach Oibriúcháin na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) anois.

 

 

Coimisinéirí na hÉireann

‌ Tá Máire Geoghegan-Quinn ina Coimisinéir um Thaighde agus Nuáil ó 2010. Tá sí freagrach as clár taighde an Aontais Eorpaigh a chuirfidh € 53billiún ar fáil mar mhaoiniú le haghaidh taighde san Eoraip idir 2007 agus 2013.

I measc Choimisinéirí na hÉireann go dtí seo bhí:

Peter Sutherland, a bhí ina Choimisinéir gníomhach Iomaíochais 1985-89 agus, a chuir tús freisin leis an gclár Erasmus do mhalartú mac léinn ag ardleibhéal oideachais. Bhain breis is  2.2 milliún mac léinn tairbhe as an gclár sin.

Ray MacSharry, a thug isteach na chéad mhórleasuithe ar an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT)

Éireannaigh ina mBaill de Pharlaimint na hEorpa

Ó 2002-2004 bhí an FPE Éireannach  Pat Cox ina Uachtarán ar Pharlaimint na hEorpa. Tríd is tríd, bhí tionchar ba mhó ná a líon ag Feisirí Eorpacha na hÉireann sa Pharlaimint trína rannpháirtíocht ghníomhach i gcoistí parlaiminteacha agus i dtoscaireachtaí.

In 2012, tugadh duaiseanna do 19 as iomlán 754 Feisire mar aitheantas ar a gcuid oibre den scoth i rith na bliana roimhe sin. San 19, bhí triúr Éireannach: Marian Harkin, as a cuid oibre um Ghnóthaí Fostaíochta agus Sóisialta; Gay Mitchell, as a chuid oibre ar Fhorbairt; agus Seán Kelly as a chuid oibre ar Thaighde agus Nuáil.

Taidhleoireacht na hÉireann agus an AE

Laistigh den AE oibrímid go dlúth lenár gcomhpháirtithe chun Comhbheartas Eachtrach agus Slándála an AE a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. Coimeádann Éire beartas neodrachta míleata agus ní comhalta d'aon chomhghuaillíocht mhíleata í. Mar sin féin, le caoga bliain anuas rinneamar ár gcion go gníomhach na Náisiún Aontaithe agus in oibríochtaí síochánaíochta faoi shainordú an NA agus tá páirt ghníomhach againn chun beartas Slándála agus Cosanta na hEorpa a fhorbairt.


Nádúr sibhialtach an chuid is mó d'oibríochtaí síochána an AE, d'éascaigh sé rannpháirtíocht dhíreach daoine gairmiúla ó Éirinn i réimsí ar nós na póilíneachta agus an cheartais, chun cabhrú le hinstitiúidí stát leochaileach a chobhsú agus a fhorbairt. Ghlac fir agus mná na hÉireann ó na Fórsaí Cosanta, an Garda Síochána, breithiúna agus lucht ghairm na liachta páirt go héifeachtach san iliomad oibríochtaí de chuid an AE laistigh den AE agus lasmuigh de. 

Back to top IE