Fianáin ar shuíomh gréasáin na hUachtaránachta AE

Úsáidimid fianáin chun gur fearr a éireoidh le do chuairt ar ár suíomh.  Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do shocruithe fianán aon uair.

 Ar ais

Seachtain na hEorpa


Seachtain na hEorpa in Éirinn, 05-12 Bealtaine 2013

Gníomhaíochtaí agus imeachtaí ceiliúrtha: Bliain Eorpach na Saoránach 2013, Comóradh 40 bliain na hÉireann san AE agus Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Ceiliúrtar Lá na hEorpa gach bliain an 9ú Bealtaine le cuimhneamh ar bhreith an Aontais ina bhfuil 27 tír anois. Toisc gur bliain ar leith an bhliain seo d'Éirinn san AE, d’ainmníomar seachtain iomlán d’imeachtaí agus de ghníomhaíochtaí ina ndírítear ar an Eoraip. 

Cén fáth gur bliain shuntasach í 2013? Táimid in Éirinn daichead bliain mar mBallstát den AE. Tá Bliain Eorpach na Saoránach á ceiliúradh againn freisin. Agus ó Eanáir go Meitheamh, tá an Uachtaránacht uainíochta ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh againn.

Is ionann bheith i gceannas ar chlár oibre na hEorpa agus go bhfuil Éire ag déanamh cathaoirleachta  ar 1600 cruinniú, agus tá 180 acu ar siúl in Éirinn. Táimid ag baint úsáide as an ról ceannaireachta sin sa tóir ar chobhsaíocht, poist agus fás san Eoraip. Is féidir leat níos mó a léamh faoin dul chun cinn go dtí seo ar chlár beartais na hUachtaránachta.

Ní faoi ghnó amháin atá Seachtain na hEorpa (05-12 Bealtaine 2013), ámh.  Deis is ea í do dhaoine le páirt a ghlacadh i bplé, cultúr, siamsaíocht agus gníomhaíochtaí sóisialta eile a bhfuil an Eoraip ina gcroílár.

Bhailíomar le chéile go leor de na gníomhaíochtaí atá á n-eagrú ar fud na hÉireann ag Uachtaránacht an AE, an Chomhairle Ealaíon, an Tionól, Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn, Tithe an Oireachtais agus go leor eagras eile. 

Breis eolais ar fáil inár bhféilire imeachtaí - Seachtain na hEorpa

Back to top IE