Fianáin ar shuíomh gréasáin na hUachtaránachta AE

Úsáidimid fianáin chun gur fearr a éireoidh le do chuairt ar ár suíomh.  Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do shocruithe fianán aon uair.

 Ar ais Comhroinn 

Léann Buaiteoir Nobel Seamus Heaney filíocht ag Centre Culturel Pháras mar eochair-ócáid sa chlár cultúir

Preaseisiúint: 13.06.2013, 10:45 GMT

Litríocht

Fáilteoidh an tAire Ó Duibhneacháin roimh aíonna chuig an léamh a bheidh ar siúl mar chuid de chlár Cultúr a Nascann Uachtaránacht na hÉireann

Beidh Jimmy Deenihan TD, Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, ag freastal inniu ar an Centre Culturel i bPáras do léamh ón mBuaiteoir Nobel Seamus Heaney.

Beidh an léamh seo ar siúl mar chuid de Cultúr a Nascann, an clár imeachtaí cultúrtha a eagraíodh le hUachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh a chomóradh.

Fáilteoidh an tAire Ó Duibhneacháin roimh aíonna chuig an léamh a bheidh ar siúl sa Centre Culturel agus beidh sé níos déanaí ina óstach ag aíonna a bhfuil cuireadh acu chuig  Ambasáid na hÉireann i bpríomhchathair na Fraince.

Beidh léitheoireachtaí leis an mBuaiteoir Nobel Séamus Heaney agus ó Darras Jacques, file, scríbhneoir aistí agus aistritheoir Francach atá ina Uachtarán reatha ar an Marché de la Poésie, agus ó Philippe Hersant, aistritheoir Heaney.

An tAire Deenihan: "Ceadaíonn na healaíona dúinn ár n-éagsúlacht a léiriú agus a cheiliúradh ar bhealach a chothaíonn tuiscint agus caoinfhulaingt, ach freisin táid lárnach le tacú leis an ngeilleagar cruthaitheach, nuálach is gá don Eoraip anois."


Ag labhairt dó roimh an léamh, dúirt an tAire Deenihan:

"Le linn Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach, bhí ealaíontóirí na hÉireann ag taibhiú i ngach ballstát san AE. Tá Páras ina chathair lárnach inár gclár. Mar shampla, thugamar ómós d’obair iontach agus do shaol Eileen Gray sa phríomhchathair i mbliana, agus níos déanaí an mhí seo glacfaidh ceoltóirí Éireannacha páirt in oíche mhór cheoil a bhíonn ar siúl gach bliain i bPáras - an Fête de la Musique.

"Bhí an Culturel Lárionad ina óstach freisin ar chlár éagsúil imeachtaí i rith na  hUachtaránachta, agus anocht is onóir dúinn Seamus Heaney a chloisteáil, fear a chuireann bród mór orainn. Gabhann a chuid filíochta an gnáthrud agus déanann sé neamhghnách go huilíoch é, agus tá sé gan amhras ar dhuine de na filí is mó i litríocht na hÉireann lenár ré. "

Tá an Uachtaránacht na hÉireann dírithe ar chobhsaíocht, poist agus fás, agus chuir an tAire Deenihan i gcuimhne dóibh siúd a bhí ag freastal ar an ócáid ​​go ndéanann an cultúr agus na hearnálacha cruthaitheacha a gcion leis an gcuspóir sin a bhaint amach.

Ag labhairt dó leis an lucht éisteachta in Ambasáid na hÉireann thug an tAire Deenihan le fios go bhfuil 8.5 milliún duine fostaithe ar fud na hEorpa san earnáil chultúrtha agus chruthaitheach, rud a ghineann 4% d’OTI an AE.

Ceadaíonn na healaíona dúinn ár n-éagsúlacht a léiriú agus a cheiliúradh ar bhealach a chothaíonn tuiscint agus caoinfhulaingt, ach freisin táid lárnach le tacú leis an ngeilleagar cruthaitheach, nuálach is gá don Eoraip anois", a chríochnaigh an tAire Deenihan.

Teagmhálacha

  • Press Office, Enquiries

    T:

    M:

    E:

 #cultureconnects

EU Presidency on Twitter >

Back to top IE