D’fháiltigh an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Eamon Gilmore TD, aontachas na Cróite leis an Aontas Eorpach inniu. Tá an Tánaiste i Ságrab mar ionadaí ar Éirinn agus ar Uachtaránacht na hÉireann ar an AE ag an searmanas aontachais.
Ag labhairt dó ó Shágrab dúirt an Tánaiste:
"Ar son mhuintir na hÉireann, ba mhaith liom fáilte ó chroí a chur roimh an gCróit mar 28ú Ballstát an Aontais Eorpaigh.
"Thosaigh an Chróit a turas chuig an mballraíocht faoi Uachtaránacht na hÉireann ar an AE in 2004 agus tá lúcháir orm go bhfuil a haontachas ar siúl ag deireadh ár nUachtaránachta reatha.
"Tacaíonn Éire go daingean leis an bpróiseas um an AE a mhéadú. Tugann sé síocháin, daonlathas agus rathúnas ar fud ár Mór-roinne, go háirithe sna Balcáin thiar, réigiún a bhí i ngreim an chogaidh fiche bliain ó shin.
"Cruthú is ea aontachas na Cróite ar dhíograis a pobail le tréimhse thrioblóideach a chur laistiar díobh agus is spreagadh dá comharsana sa réigiún é.
"Creidim go mbeidh ballraíocht san AE chomh tairbheach, claochlaitheach don Chróit agus a bhí sí d’Éirinn agus táim ag súil le cairdeas agus naisc níos treise ná riamh a thógáil lenár gcomhpháirtí nua san Eoraip."
Tabharfaidh an Tánaiste aitheasc ag ócáid phoiblí don aontachas i Ságrab go gearr roimh an meán oíche anocht fara Príomh-Aire na Cróite, Zoran Milanović, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Herman Van Rompuy, agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, José Manuel Barroso .
Féach ar an searmanas beo ar ár nIonad Preasa.
Féach ar fhíseán inár nDánlann Físeán ar a gceapann Coimisinéirí an AE smaoiníonn siad ar an gCróit.
Nóta d'Eagarthóirí:
• Dhaingnigh an Chomhairle Eorpach stádas na Cróite mar thír is iarrthóir le linn Uachtaránacht dheireanach na hÉireann ar an AE in 2004.
• I mí Márta 2013 bhain Uachtaránacht AE na hÉireann Conclúidí Comhairle foirmiúla amach a ghlan an tslí don Chróit le bheith ar an 28ú Ballstát den AE an 1 Iúil 2013.
• Ag Comhairle Eorpach na seachtaine seo caite bhain Uachtaránacht na hÉireann comhaontú amach le caibidlíocht a thosú ar aontachas na Seirbia leis an AE agus ar Chomhaontú Comhlachais AE leis an gCosaiv a chaibidliú.